Saol na hOllscoile

college 

Tá na tairgí CAO ag druidim go tapúla agus míníónn sé sin rud amháin- tá saol na hOllscoile ag tosú arís. Táim críochnaithe leis an céad bhlian agus mar sin ba mhaith liom scríobh faoi saol na hOlscoile agus beidh saghas comhairle ann nach raibh eolas agam inti nuair a bhíos ag dul isteach go dtí an Ollscoil i gCorcaigh.

Seachtain Mac léinn na céad bhliana: Tosaíonn seachtain mac léinn na céad bhliana ar an céad seachtain atá tú ag tosú an Ollscoil. Tá an seachtain seo saghas scanrúil mar níl aithne agat ar éinne an cuid is mó den am. Déan dein go mbíonn tú ag caint le gach éinne sa grúpa agus ná bí buartha faoi tá gach duine ag iarradh cairde nua a fháil. Tá cóisir ar siúl gach oíche den seachtain, Ná bí buartha faoi staidéar an seachtain sin, déan dein go rachfaidh tú go dtí gach aon cóisir agus bí ag sabháil i gcóir an seachtain seo mar tá sé costasach!

freshers 

Lóistín: An lóistín is fearr i gcóir an céad bhlian ná lóistín na mac léinn mar tá billí clúdaithe san praghas. Tá teach níos mó craic má tá grúpa cairde agat atá ag dul go dtí an Ollscoil céanna. An cuid is mó den am níl billí clúdaithe agus caithfidh tú íoc as leictreacas agus teas. Tá sé níos éasca chun cóisir sa teach a bheith agat. Má tá tú sa lóistín na Mac léinn tá siad dian faoina cóisir agus faoi cairde ag fanacht an oíche.

Na rudaí a bheith riachtanach chun maireachtáil i dteach san Ollscoil:

  • Blaincéad: An cuid is mó den am sa teach ní bhíonn teas agat mar tá do cuid airgid imithe ar cóisir aréir. déan dein go bhfuil blaincéadaí teo agat.

fluffy blanket 

  • Bolgáin: Nuair a bhíonn cóisir agat sin an chéad rud a bhíonn bríste nuair atá daoine faoi meisce agus mar sin déan dein go bhfuil cúpla sa bhreis agat!

light bulb 

  • Sceanra: déan dein go bhfuil do sceanra féin agat mar an cuid is mó den am ní glanann scoláírí an sceanra i gceart agus cuireann sé sin an riosca suas i gcóir nimhiú bia.

cutlery  

Seachtain R&G: Míníonn R&G ‘Raise and give‘. Is é seachtain rag an seachtain is fearr dar liom. Tá sé cosúl le seachtain mac léinn na céad bhliana ach téann an airgid i gcóir gach deoch agus cóisir go dtí carthanacht. Bíonn an ionad eachtraí ar siúl agus bíonn an craic ann. Tá sé riachtanach go dtéann tú go dtí do léachtaí an seachtain seo mar tugann siad amach leideanna ar cad a bheidh ar na scrúdaithe. An cuid is mó den am ní téann scoláirí go dtí léachtaí an seachtain sin.

Beer Pong: Muna bhfuil aithne agat ar an gcluiche seo, beidh tar éis an céad bhlian. cuireann tú deoch ar gach taobh den mbord agus bíonn tú ag imirt cluiche ping pong. Má théann an liathróid isteach go dtí an cupán le deoch caithfidh an duine eile an deoch a ól.

beer pong 

Bhuel go n-éirí go dtí gach aon dalta atá ag fáil torthaí an samhraidh seo, tá an Ollscoil ar fheabhas agus tá súil agam go mbeadh am maith agaibh ann.

le grá ❤

an bhean faiseanta 🙂

 

Leave a comment