Sathairn neamhfhoirmiúla 🙂
léine~ Penneys, €13, Bríste gearr~ Dakota (Mainistir na Corann, Co.Chorcaí) €5, Mála~ Michael Kors. €199
Mise ag bál na céad bhliana i luimneach 🙂
gúna~ New look, €29.99
smidiú an dara oíche
Conas atá sibh! bhí mé i luimneach an deireadh seachtaine seo. Chuas go dtí bál na céad bhliana i óstán cóngarach go dtí an ollscoil agus chuaigh mé amach le mo bhuacaill an lá dar gcionn, bhí an deireadh seachtaine againn! Chuaigh mé agus mo bhuacaill amach go dtí Molly’s (Club atá san cathair) bhí an DJ ar fheabhas, beidh mé thar n-ais! Inniubh táim ag scríobh faoi na rún scéimhe atá agam, tá súil agam go bainfidh sibh taitneamh as an mblag!
- Craiceann- Tá fadhbanna agam i gcónaí le mo craiceann. Cé go bhfuil mé 19 tá fadhbanna agam fós le aicne. Úsáidim cúpla rudaí chun mo chraiceann a coiméad maith. Ar dtús úsáidim tairgí ó the body shop. Úsáidim an sciúr feamainn agus an maothóir feamainn ó the body shop.
Na táirgí ar fad a úsáidim ón body shop
Nuair atá briseadh amach agam úsáidim sudocream agus cuirim é ar mo aghaidh mar masc
Uaireanta bíonn daoine ag iarradh an ola ar fad a thógaint ón craiceann go háirithe nuair atá aicne acu ach is droch rud é seo. Caithfidh tú an ola a coiméad i do craiceann chun roctha a stopadh! Úsáidim ola cnó coco gach ré lá chun an ola a coiméad i mo craiceann. Tá sé ar fáil in aon siopa sláintiúil!
Bíonn ceallaí marbh ar do chraiceann agus mar sin roimh donnacháin a chur orm, déanaim mo scamhóir féin agus cuirim é ar mo chorp. Cuir ola, siúcra agus liomóin i babhla agus measc é le chéile agus sin é! sciúr é ar an craiceann agus beidh craiceann mín agat sa deireadh.
- Donnacháin: Úsáidim Tantastic i gcónaí. Is donnacháin den scoth é agus beidh an donnacháin céanna agat i gcóir seachtain tar éis sraith amháin a fheidhmiú. Uaireanta nuair nach bhfuil an airgead agam úsáidim Sally Hansen ach ritheann an donnacháin sin nuair atá sé ag cur báistí. An rún atá agam faoin bhfadhb seo ná cuir sprae gruaige ar do chraiceann agus mar sin ní ritheann an donnacháin!
- Mo súile- Uaireanta bím tuirseach traochta le scrúdaithe agus faighim ciorcail dorcha faoi mo shúile. úsáidim Vaseline gach oíche chun stad a chur ar an fhadhb seo. úsáidim Vaseline ar mo liopa chun iad a coiméad mín agus meascaim vaseline agus scáthú súil le chéile chun béaldath nua a dhéanamh.
gruaig- Bím ag fulaingt i gcónaí ó gruaig tirim. Úsáidim Kérestase agus ceapaim go bhfuil siad go hiontach chun gruaig tirim a stopadh. Is aoibhinn liom an ola atá ag kerestase chun do gruaig a chríochnú! Cuireann sé snas álainn ar do chuid gruaige
.
Nuair atáim gnóthach agus nuair atá mo gruaig gréisceach cuirim púdar i mo chuid gruaige, suíonn an púdar an gréisceach isteach agus déanann sé an rud céanna le seampú tirim. Úsáidim púdar freisin má tá mo chuid fréamacha thar n-ais agus clúdaíonn an púdar an dorchadas ( má tá gruaig dubh agat úsáid Mascara)
Má táim ag lorg toirt téim go dtí Penneys agus ceanaím an púdar batiste i gcóir ceithre euro. Chuir beagán i do chuid gruaige agus úsáid na méara chun é a measc isteach. Tá na torthaí dochreidte!
Bhuel sin é leaids! Sin iad na rún scéimhe atá agam. Beidh mé thar n-ais an tseachtain seo chuaignn ach bígí ag faire amach ar an leathnach twitter @anbheanfaiseanta agus beidh mé ag cur suas faisean is smidiú tweets! go dti an tseachtain seo chuaignn!
le grá ❤
an bhean faiseanta 🙂